Samhradh Iontach

Cards (6)

    • Bhuail Úna le Máire os comhair an séipéal ag a ceathrú tar éis a trí san iarnóin.
    • Bhí an scoil críocnaithe don samhradh agus lá grianmhar a bhí ann.
    • Thosaigh siad ag caint agus ag plé na laethanta saoire.
    • Bhí siad ag tnúth go mór leis agus rinne siad plean le chéile.
    • Sheol siad CVs chuig gnóanna áitiúla éagsúla.
    • I bpictiúr a dó , bhí siad i mbun agallamh leis an mbainisteoir faoi post a fháil san óstán chun píosa airgid a thuilleadh.
    • D'éirigh siad go maith agus fuair siad post sealadach.
    • Ghlan siad na seomraí ó bhun go barr.
    • "Bhí an t-ádh linn" arsa Máire.
    • Nuair a bhí dótháin airgid ag na cailíní, chuir siad saoire go dtí an Róimh in áirithe.
    • Thug siad cuairt ar na radharcanna cáiliúla agus stairiúla, mar shampla an Colasaeim.
    • Cheannaigh siad go leor bronntanais sa siopa turasóireachta.
    • Cheap Úna gur caithair ghleoite í.
    • I ndiaidh do Róimhe, d'fhill na cailíní ar ais abhaile.
    • Bhí siad ag traenáil gach seachtain leis a bhfoireann peile, agus faoi dheireadh bhuaigh siad an cluiche ceannais.
    • Ní féidir a sheanadh go raibh siad ar mhuin na muice.
    • Chun céiliúradh a dhéanamh ar an mbua, chuaigh siad go dtí an phictiúrlann agus d'ith siad grán rósta.
    • I mí Lunasa, thosaigh siad ag obair ar son na carthanachta Naomh Uinseann de Pól.
    • Obair dheonach a bhí ann, ag cabhrú le daoine bochta agus daoine gan dídean.
    • Thug Máire éadaí agus bia do sheanbhean bhocht amháin a bhí ina suí ar leac dorais agus bhí sí an-bhuíoch.
    • Bhí an taithí ar fheabhas.
    • Ag an deireadh bhí na cailíní sona sasta.
    • Dúirt Máire gurb é an samhradh ab fhearr a bhí acu riamh.
    • Bhí siad ag tnúth go mór leis an mbliain seo chugainn.
    • Samhradh den scoth a bhí ann, lán le heachtraí agus rudaí nua.