Imreoir Gortaithe

Cards (6)

  • 1
    • an chéadaoin a bhí ann
    • bhí cluiche de chuid craobhchomórtas iománaíochta na scoileanna ar siúl an sin
    • b'fhada an ó bhí deis ag Scoil Pheadair imirt in aghaidh Coláiste Phádraig
    • agus ba bhreá leo buachan ar a sean-naimhde
    • ceathrú uair an chloig isteach sa chluiche bhí sceitimíní ar lucht tacaíochta Scoil Pheadair, mar bhí siad dhá chúilín chun tosaigh cheana féin
    • cúl agus trí chúilín acu féin agus gan ach cúl agus cúilín amháin ag Coláiste Phádraig
  • 2
    • ach tháinig athrú tobann ar an scéal sa chúigiú nóiméad déag, nuair a leagadh Liam Mac Donncha, an t-imreoir ab fhearr ar an bpáirc, ar an talamh
    • chuir an réiteoir stop leis an gcluiche láithreach
    • thit an lug ar an lag ag lucht tacaíochta Scoil Pheadair
    • rinne lucht leighis na scoile a seacht ndícheall cabhrú le Liam, ach ba léir go raibh sé gortaithe go dona
    • bhí strainc air leis an bpian
    • mar sin, cuireadh fíos ar otharcharr
  • 3
    • b'ábhar mór imní don traenálaí agus do thuismitheoirí an bhuachalla go raibh air dul go dtí an t-ospidéal
    • ar a trí a chlog, iompraíodh isteach ar shínteán é go dtí an t-ionad timpiste agus éigeandála
    • bhí beirt fhear ina suí sa seomra feithimh agus bhí cuma dhuair orthu
    • ba léir go raibh cnámh bhriste ag duine acu, mar bhí plástar ar a láimh
  • 4
    • níor tháinig aon bhanaltra i gcabhair ar Liam go dtí a cúig a chlog
    • agus chuir an múinteoir a mhíshásamh in iúl di
    • ghabh an bhanaltra leithscéal ó chroí leis an múinteoir, agus ar ndóigh le Liam
    • agus dúirt sí gur ghá x-ghathú a dhéanamh ar an gcois láithreach
    • bhí Liam bocht i bpéin
  • 5
    • Rinneadh an x-ghathú agus fuarthas amach go raibh cos Liam briste
    • cuireadh plástar pháras ar a chos agus tugadh Liam go dtí seomra an dochtura
    • rinne an dochtúir iniúchadh ar an x-ghathú agus mhínigh sé dó go raibh an chos briste go dona
    • agus go mbeadh air sos fada a thógáil ón iománaíochta
    • ba mhór an chúis díomá é sin do Liam bocht
  • 6
    • bhí air sos cúig mhí a ghlacadh ó bheith ag imirt cluichí
    • ní raibh rogha aige ach ficheall a imirt lena chairde le linn an ama sin
    • mise ag rá leat gurbh fhada leis go mbeadh sé ag rith timpeall na páirce arís
    • is fíor an seanfhocal "is fearr an tsláinte ná na táinte"