Sriath Pictiúr - Seoid Luachmhar agus Cúid dár gCultúr

Cards (5)

  • Bhí Cormac agus Niamh taobh amuigh de shiopa ceoil. Léigh siad fógra ar an doras a go raibh sladmhargadh na Cásca ar siúl sa siopa. I bhfuinneog an tsiopa chonaic na déagóirí uirlisí éagsúla - an bodhrán, an bainseo, an consairtín, an bosca ceoil agus an chruit. Bhí áthas ar Niamh an fógra a fheiceáil i nGaeilge sa siopa agus dúirt Cormac go raibh sé tábhachtach dúinn go léir ár dteanga a labhairt.
  • Nuair a d'fhill Cormac agus Niamh abhaile shuigh siad os comhair an ríomhaire. Bhí suim acu freastal ar chúrsa sa Ghaeltacht agus rinne siad cuardach ar Facebook. Bhí siad ag féachaint ar na cúrsaí sa Ghaeltacht agus fuair siad an t-eolas a bhí uathu ar Facebook.
  • Thaistil siad chuig an nGaeltacht agus i dtosach bhuail siad le daoine óga eile agus bhí siad ag labhairt leo. Ansin, d'fhreastail siad ar chéilí. Bhain siad an-taitneamh as an gcéilí. Bhí siad ag damhsa le ceol gaelach ar feadh na hoíche. Chaith siad tamall ag imirt spóirt ar an trá freisin. D'imir siad eitpheil leis na déagóirí eile ar an gcúrsa. Bhí an aimsir go hálainn i rith an turais. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch gach lá.
  • Nuair a tháinig na déagóirí abhaile ón nGaeltacht thosaigh siad ciorcal cainte ag am lóin. Bhuail siad le daltaí eile sa scoil agus chaith siad tamall ag labhairt leo i nGaeilge. Ba léir go raibh an-suim ag na daltaí an Ghaeilge a labhairt.
  • D'éist siad le cláir freisin ar Raidió na Gaeltachta. Ina dhiaidh sin d'fhéach siad ar chláir ar TG4. Cheap na déagóirí gurbh fhiú féachaint ar TG4. Bhí ionadh an domhain ar na déagóirí nuair a bhronn an múinteoir Gaeilge gradam orthu as iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a neartú sa scoil agus sa cheantar. Ba léir go raibh siad an-bhródúil as a dteanga dhúchais.