Sraith Pictiúr - Samhradh Iontach

Cards (6)

  • Tús an tsamhraidh a bhí ann. Bhuail Roisin agus Niamh le chéile taobh amuigh den séipéal. Bhí an ghrian ag scoileadh na gcloch an lá sin. Bhí na cailíní ag tnúth go mór leis an samhradh agus bhuail siad le chéile chun a gcuid pleanna don samhradh a phlé. Ba léir gur dhlúthchairde iad Roisin agus Niamh.
  • Ba mhaith leo poist páirtaimseartha a fháil agus mar sin chuaigh na cailíní chun labhairt leis an mbainisteoir san óstán áitiúil. Mhínigh an bainisteoir dóibh go raibh poist ar fáil san óstán ag glanadh na seomraí codlata. Bhí na cáilíní sásta ghlacadh leis na poist sin. Thosaigh siad ag obair san óstán go luath ina dhiaidh sin. Bhí áthas orthu go bhfuair siad na poist agus d'oibrigh siad go dian. Chaith siad an ag glanadh agus ag cur snas ar na troscáin. Chóirigh siad na leapacha agus ghlan siad na seomraí folctha.
  • Cúpla ina dhiaidh sin chuaigh Roisin agus Niamh ar thuras chuig an Róimh. Chaith siad na laethanta ag siúl timpeall na cathrach agus ag féachaint ar na radhairc stairiúla. Bhí an aimsir te agus grianmhar agus thaitin an chathair go mór leis na cailíní. Chaith siad tamall ag siopadóireacht freisin.
  • Nuair a tháinig na cailíní abhaile ón Róimh, d'imir siad peil leis an gclub áitiúil. Bhí Roisin agus Niamh an-sásta gur bhuaigh siad an chraobh agus d'ardaigh siad an corn tar éis an chluiche ceannais. Tar éis sin chuaigh siad chuig an bpictiúrlann. Bhí scannán iontach ar siúl agus bhí an phictiúrlann plódaithe le daoine óga. Cheannaigh na cailíní grán rósta agus deoch agus bhain siad an-taitneamh as an scánnan.
  • Chaith Roisin agus Niamh tamall ag cabhrú le daoine bochta. Chuaigh siad ag obair le Cumann Naomh Uinseann de Pól. Thaistil siad timpeall na cathrach ag tabhairt amach ceapairí agus anraith. Bhí na daoine bochta an-bhuíoch díobh. Ba léir gur bhain siad an-taitneamh as an obair dheonach.
  • Ag deireadh an tsamhraidh chaith na cailíní tamall ag féachaint siar ar na rudaí a rinne siad i rith an tsamhraidh. Bhí samhradh den scoth acu. Bhí Roisin agus Niamh ag tnúth go mór leis an samhraidh ina dhiaidh sin.