Sraith Pictiúr - Sláinte na nÓg (Seachtain na Sláinte)

Cards (6)

  • Labhair an príomhoide leis na daltaí roimh an sos ar maidin. Chuir sí i gcuimhne dóibh gur Seachtain na Sláinte a bhí ann. D'fhógair sí i mbeach imeachtaí éagsúla ar siúl i rith na seachtaine. Dúirt sí go raibh sí ag súil leis an tSeachtain.
  • Eagraíodh cluiche peile idir na múinteoirí agus na daltaí. Ar ndóigh, bhuaigh na daltaí an cluiche. Bhí roinnt de na múinteiorí óga go maith ag imirt. Bhí an-chraic ann. Cuireadh ranganna aclaíochta ar siúl freisin. Ghlac na daltaí ar fad páirt iontu.
  • Chuir an scoil béim ar bhia sláintiúil an tseachtain sin chomh mhaith. Bhí béile speisialta sa cheaintín don bhia sláintiúil. Cuireadh in iúl do na daltaí go mbaineann fadhbanna sláinte le haiste bia míshláintiúil. Cuireadh cosc ar bhia cosúil le borgairí, sceallóga agus bia a bhfuil leibhéal ard saille agus siúcra ann.
  • Eagraíodh siúlóid urraithe i rith na seachtaine. Chuaigh na daltaí ar shiúlóid sa cheantar, agus bhailigh siad airgead. Bhí an scoil ag iarraidh trealamh spóirt a cheannach. Bhain gach duine sult agus spraoi as an lá agus as an dea-aimsir a bhí ann an lá sin.
  • ar an tsláinte choirp amháin a bhí an bhéim i rith na seachtaine. Labhair aoichainteoir leis na daltaí faoi shláinte intinne/meabhairshlainte. Dúirt sí go raibh sé tábhachtach labhairt faoi na fadhbanna pearsanta. Mhol sí dóibh dul chuig duine fásta a raibh muinín acu as, dá mbeadh fadhb acu.
  • Ag deireadh an seachtaine labhair an príomhoide leis na daltaí arís. Bhí sí an-sásta. D'éirigh thar barr le Seachtain na Sláinte. Dúirt sí go raibh súil aici gur fhoghlaim na daltaí nósanna sláintiúla. Déarfainn gur bhain na daltaí an-sult as an tseachtain.