Sraith Pictiúr - Imreoir Gortaithe

Cards (6)

  • amháin i mí Feabhra, bhí cluiche iomána ar siúl. Bhí dhá scoil ag imirt in aghaidh a chéile agus ní raibh suíochán le spráil sa staid. Bhí na himreoirí ag imirt ar a ndícheall. Bhí scoil Naomh Eoin chun tosaigh.
  • Go tobann tharla timpiste ar an bpáirc. Gortaíodh duine de na himreoirí. Leagadh trí thimpiste é. Shéid an réiteoir an fheadòg leis an gcluiche a stopadh. Is amhlaidh go raibh an buachaill gortaithe go dona. Tháinig beirt fhear ar an bpáirc le sínteán. Rith an bainisteoir go dtí lár na páirce.
  • Tugadh an buachaill gortaithe díreach go dtí an Roinn Timpiste agus Éigeandála. Chuaigh an bainisteoir in éineacht leis. Bhí sé a trí a chlog nuair a shrioch siad an t-ospidéal. Bhí beirt eile sa seomra feithimh agus is léir go raibh siadsan gortaithe freisin.
  • Dhá uair an chloig ina dhiaidh sin tháinig altra chuig an mbuachaill gortaithe.raibh an bainisteoir sásta ar chor ar bith. Thugide béil don altra mar bhí siad ag feitheamh ar feadh dhá uair an chloig. Is léir go raibh pian á fulaingt ag an mbuachaill bocht. Faraor, tarlaíonn sé sea go minic in ospidéil na hÉireann na laethanta seo. Chuir an altra cúpla ceist air.
  • Bhuail an t-imreoir leis an dochtúir ansin. Thaispeáin an dochtúir x-gha dó agus is léir go raibh a chnámh briste. Bheadh ar an imreoir sos fada a thógáil ón spórt. Chuir an drochnuacht isteach ar an mbuachaill. Bhí plástar ar a chos bhriste.
  • Roinnt laethanta ina dhiaidh sin, bhí an buachaill bocht ina chuí ar thaobh na páirce. Bhí na himreoirí eile ag cleachtadh ar an bpáirc. Tháinig an traenálaí trasna chun cainte leis. Dúirt an buachaill leis go raibh air sos cúig mhí a ghlacadh. Smaoinigh sé ar chluichí eile a imirt ar nós fichille, ach mó ná sásta a bhí sé leis na smaointe sin.