An Ghaeilge-seoid luachmhar agus cuid dár gcultúr

Cards (6)

  • 1
    • Bheartaigh Niall agus Colm dul ag siopadóireacht go dtí an baile mór.
    • Agus iad ag dul thar an siopa ceoil, chonaic siad fógra ar an doras agus na focail 'sladmhargadh na Cásca' scríofa air.
    • 'Is breá liom teanga na Gaeilge a fheiceáil ar an bhfógra sin' arsa Niall.
    • D'aontaigh Colm leis agus chuir sé in iúl freisin gur thaitin go mór leis Gaeilge a labhairt.
    • Shocraigh siad ar an toirt go rachaidís ar ais go dtí an Ghaeltacht sa samhradh.
  • 2
    • Tar éis dóibh beagán siopeadóireachta a dhéanamh, thug siad aghaidh ar theach Choilm.
    • D'oscail Colm a ríomhaire agus thosaigh siad beirt ag lorg cúrsaí samhraidh sa Ghaeltacht.
    • Faoi dheireadh, bheartaigh siad cur isteach ar chúrsa i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, Contae Chiarraí.
    • B'fhada leo go dtiocfaidh an samhradh agus go mbeadh deis acu Gaeilge a labhairt ó mhaidin go hoíche.
  • 3
    • Bhain na buachaillí an-taitneamh go deo as an tréimhse sa Ghaeltacht.
    • Chuir siad aithne ar dhéagóirí as gach cearn den tír agus bhain siad an-tairbhe as na ranganna, mar bhí caighdeán an-ard ar an gcúrsa.
    • Bhíodh céilí acu istoíche - mar aon le cluichí agus imeachtaí eile um thráthnóna.
    • Bhuail tocht mór cumha iad agus iad ag fágáil an cheantair nuair a bhí an cúrsa thart.
  • 4
    • Ag deireadh an tsamhraidh, d'fhill na buachaillí ar scoil, ach má d'fhill, bhí sceitimíní ar Niall, mar bhí plean aige ar mhaithe leis a roinnt lena chairde.
    • Luaigh sé leo gur mhaith an smaoineamh é tús a chur le ciorcal cainte Gaeilge am lóin.
    • Cheap na daltaí eile go mbeadh sé sin go hiontach agus go rachadh sé chun tairbhe gach duine a ghlacfadh páirt ann.
  • 5
    • Chun feabhas ní b'fhearr fós a chur ar a gcuid Gaeilge, mhol Colm agus Niall dá gcairde éisteacht le Raidió na Gaeltachta agus féachaint ar TG4 ó am go ham.
    • Dúirt siad go raibh sé go deas Gaeilge nádúrtha na Gaeiltachta ar na meáin a chloisteáil.
    • Ar ndóigh, thaitin na cláir spóirt ar TG4 leis na daltaí go léir a ghlac páirt sa chiorcal cainte.
  • 6
    • Ag deireadh na scoilbhliana, thug an príomhoide ardmholadh do bheirt sa séú bliain, a d'oibrigh go dian ar son na Gaeilge.
    • B'ábhar mór sásaimh di gur éirigh leis an mbeirt sin go leor daltaí a mhealladh chun spéis a chur sa Ghaeilge.
    • Bronnadh gradam ar Niall agus ar Cholm agus bhí bród le sonrú ar a n-aghaidheanna agus iad ag glacadh leis an duais.