Sraith Pictiúr - Madra ar Strae

Cards (6)

  • amhain, i lár an tsamhraidh, d'fhéach buachaill ar théacs a fuair sé. 'Madra imithe... cabhair?' a bhí scríofa sa teachtaireacht. Fuair sé í óna chara, Síle. Is léir go raibh a chara Síle i dtrioblóid mar go raibh a madra imithe ar strae.
  • Ar an taobh eile den bhaile, bhí Síle trína céile. Bhí sí ag caoineadh, agus thug a chara, Seán barróg di. D'inis cad a tharla. Chuaigh siad go caife le cabhrú le Síle socru síos. Smaoinigh Seán faoi cad ab fhéidir a dhéanamh. Bhí sé ag iarraidh cabhrú le Síle. Mhothaightrua di mar ba léir go raibh cion aici ar a madra.
  • Chur Síle téacsteachtaireacht chuig gach duine dá cairde ag go raibh a madra beag dubh agus bán ar iarraidh. Chuir sí teactaireacht ar facebook freisin. Jojo ab ainm don mhadra. Ghlaoigh sí ar an raidió pobail agus bhí fógra ar an raidió faoi. Bhí sí ag súil go bhfeicfeadh duine éigin an madra.
  • Go gairid ina dhiaidh sin bhí Síle agus a cara ar an tsráid. Ghlaoigh siad ainm Jojo amach os ard. Bhuail an fón. D'fhreagair Síle an fón agus fuairdea-scéal faoi Jojo. Chonaic duine éigin an madra beag. "Fan ansin", arsa Síle. Bhí siad an-sásta. Rug siad barróg ar a chéile. Bhí gliondar croí orthu mar go raibh Jojo slán sábháilte.dhearna siad moill ar bith, ach chuaigh siad chun Jojo a fháil ar ais.
  • Leathuair an chloig ina dhiaidh sin, bhí an madra slán sábháilte, buíochas le Dia. Fuair fear é san ionad siopadóireachta. Bhí an madra bocht faitneach agus lean sé an fear. Is léir go raibh an-áthas agus faoiseamh ar Shíle go raibh Jojo ar ais arís.
  • Chuaigh Síle Jojo abhaile go háthasach. Bhí a tuismitheoirí an-sásta freisin. Bhí meangadh mór gáire orthu. Dúirt a hathair léi go mbeadh le níos aire a thabhairt don mhadra as sin amach. Bhí sé ag iarraidh an scéal ar fad a chloisteáil. Is léir go raibh faoiseamh ar gach duine. Cinnte, bhí ciall cheannaithe ag Síle. Bheadhníos cúramaí as sin amach.